Dén comórtas idir An Trial agus The Snapper. (an Leabhar nó an Scanann)
San aonú chéad is fiche seo ina bhfuil muid inár gconaí, is beag duine nach bhfuil aithne acu ar cháilín singil atá ag iompar clainne. Feicimid máithreacha óga ar an sráid lena bpáistí, agus gan fear leo chun cabhair a thabhairt dóibh. Ní scéal nua é, scéal faoi chailín atá tréigthe ag a leannan, agus í ag súil le páiste. Téann sé i bhfad siar i mbealoideas an Domhan -fiú chuig aimsir Íosa. Pléitear arís agus arís eile sna mean cumarsáide é, ar an stáitse, ar an teilifís, i leabhair. Tá suim ag an pobal i mí-adh daoine eile, agus scéal mealltach isea an scéal faoi cháilín neamhúrchóideach ag déaláil le fadhbanna toircheas. Tá sé inchreidte mar scéal. Faoi lathair tá sé a phlé ar an sobal teilfíse “Ros na Rún” ar TG4. Cáilín óg, singil, sa choláiste, agus gan í ach tosnú ar saol a bhaint amach dí féin, agus í ag iompar clainne. Tá sí ag smaoineamh ar ghinnmilleadh, agus tá daoine timpeall uirthi in aghaidh an rogha seo. Tá deacrachtaí aici, agus an cúlchaint go leir ag scaipeadh tríd an phobal.
Disclaimer: This work has been submitted by a student. This is not an example of the work written by professional academic writers. Here you can order a professional work. (Find a price that suits your requirements)
* Save 10% on First Order, discount promo code "096K2"
Tá an téama láidir sa dá scéal, ” An Trial”, agus “The Snapper”. Tá scéal an Trial suite faoin tuath sna 1960í, tréimhse nár rud coitianta é chloisteal faoi máithreacha singil, agus tréimhse gur smal dubh é a bheith ag súil taobh amuigh de pósadh. Tá an Snapper suite tríocha bliain níos déanaí, i lár cathair Bhaile Átha Chliath. Ní luíonn an smál dubh chéann ar maithreacha singil sa lá atá inniu ann, ach is fada ó moladh a fhaigheann siad!!
The Essay on Red Snapper Fishing Regulations
Recommendation to implement different regulations on Red Snapper fishing. Many people like myself, look forward each year to the overly exciting fishing season to catch the beloved snapper. Season dates along with size and possession limits are nothing new to the fisherman; but when a council decides to shrink a fishing season that is normally a month long down to a meager 9 days it can be heart ...
Leirítear an dhá dhráma seo i slíte an-éagúla. Sa Trial, úsáidtear cleas an chás cúirte chun eachtraí eagsula a léiriú, agus na caractéirí a chur in aithne dúinn. Faighimid leargas grinn ar mheon na ndaoine seo- cén saghas daoine a bhí iontu , cén páirt a bhí acu i saol Máire. Tá an chúirt ag iarraidh an t-eolas go leir a bhailiú le chéile, chun a fháil amach cé ar a bhfuil an locht gur chuir Máire lámh ina bás fein.
I scéal an Snapper, taimid caite díreach i lár an scéal, beagnach mar cuileog ar an mballa. Feicimid Sharon agus í ag insint
(lch 3 caillte)
*****
Mar sin, tá an dhá scéal an- diffrúil óna chéile. Ach, agus ag breathnú ar níos congaraí, is léir go bhfuil cosúlaeachtaí áirithe eatarthu.
DIFRIOCHTAÍ IDIR SHARON AGUS MÁIRE.
Is iad Sharon agus Máire na príomhcharacteirí sna scéalta seo. Tá an mhí -adh orthu a bheith meallta ag fir pósta, mhímhórálta, agus fagtar an beirt acu le páistí na bhfear seo a thabhairt ar an saol agus a thógáil.
Mná neamhspleácha, ceanndána abea an bheirt acu, iad araon ag iarraidh an pháiste a choinneal agus a thógáil. Ní insíonn ceachtar acu d’einne cé hé athar an pháiste, ach ar chúiseanna éagsúla.
Tá náire ar Sharon gur ler George Burgess an leanbh, agus níl sí féin ag iarraidh creidúint gur leis é. Faoi dheireadh, agus an pobal ag teacht ar an tuairim gurbh é George Burgess an t-athair. Insíonn sí breag chun deireadh a chur leis na raflaí. Cuireann sí in iúl dóibh gur máirnéalach spáinneach a bhí ann, ach ag iarraidh craiceann a chur ar an bhréag, téann sí thar fóir agus is beag duine a chreideann í.
Ní chuireann sí dallamullóg ar a tuismitheoirí-
An Máthair: “Let her think its a Spanish Sailor if she wants to”
Ní h-iad na cúiseanna chéann atá ag Máire an scéal a choinneal ciúin. Níl náire uirthi gurb é Pádraig an t-athair- tá sí i ngrá leis, ach is soiléir gur ghrá gan chúiteamh atá ann- níl de shuim ag Pádraig inti, ach ar mhaithe lena ainmhian chorportha a shásamh. D’iarr sé uirthi gan focail a rá le éinne faoi- mar go mbeadh orthu deireadh a chur leis an chaidreamh dá mbeadh a fhois ag éinne eile futhu.
D’inis sé bréag indiaidh bhréag di- a rá go raibh sé i ngrá leí–
The Research paper on Exploring Seo Techniques for Web
It is a science of designing website to maximize search engine ranking. All of the elements are collected and created with the goal of obtaining higher search engine ranking. Most important elements are entry and exit pages, page titles, site content, graphics, website structure, keywords, links, html and Meta tagging. Most people do not invest on search engines because in their opinion Search ...
“Ba mhaith liom fhógairt don saol gur mise do leannan, agus gur tusa mo ghrá”
“Tugann tu neart dom, agus foigne, agus dóchas i nDia agus i nduine”
agus de bharr ar na rudaí a dúirt sé, chreid Máire go raibh sé i ngrá leí.
Ní chailín í Máire a bhí eolach ar an t-saol. Cáilín neamhúrchoideach agus soineanta a bhí inti da bharr ar an tógáil a fuair sí óna mháthair. Chreid sí an uile fhocal a bhí le rá ag Pádraig. Bhí díoma uirthi nuair a chuala sí go raibh bean ag Pádraig, ach bhain Pádraigh an dochar as leis an líne –
“Ní fhéad sí riamh a bheith ina bean chéile cheart dom”
Cruthaíaonn sé trua inti dó, “Padraig bocht”, agus mar sin tá níos mo ghrá aici do. Is cáilín mothaolach í Máire sa chomhthéacs seo.
Cé go bhfuil sí soineanta agus mothaolach, is chailín neamh-splách í Máire freisin. Diúltaíonn sí “laeghas” a mhathair a thógáil, mar tá a fhois aici gur nimh atá ann.
Feicimid gur chailín neamhspleách í Sharon freisin, chomh maith le seasamhach. Nuair a chloiseann sí go bhfuil Burgess ag scaipeadh ráfalaí fúthi téann sí ag a theach le a leis a bhéal a choinneal dunta, agus caithfidh go raibh an-múiníon aici chun é seo a dhéanamh.
Leiríonn Máire cé chomh neamhspleách agus atá sí nuair a fhágann sí an baile. Baineann sí an cathair amach agus faigheann sí post ag obair mar cuntóir tí agus ag tabhairt aire do phaístí, cé nach raibh aon taithí aici ar an obair seo. Filleann an feall uithi mar nach fhaigheann sí páigh iomlán dá bharr.
Ceapann an bean uasal go bhfuil sí ag “eirí trom” agus cuireann sí fios ar an t-Oibrí soisialta chun bualadh le Máire. Is de bharr imní faoi tuairimí na gcomharsan a dhéanann sí seo, agus da bharr cuirtear Máire isteach i dteach tearmainn, áit a dtagann an páiste ar an tsaol. Léiríonn Máire diongbháilteacht agus an féin chinnteacht nuair a árdaíonn an t-Oibrí soisialta ceist altranais. Níl Máire ag iarraidh a leanbh a scaoileadh uaithi, agus eiríonn sí feargach nuair a ghlaonn an t-Oibrí soisialta “tuismitheoirí” ar lucht altranais.
“Is mise an t-aon tuismitheoir …..” (Radharc 10)
Mná féin mhunníeach ba ea a beirt acu, Máire agus Sharon – feicimid é seo agus iad ag seasamh suas do na cearta atá acu- in aghaidh an tOibrí Soicialta, agus George Burgess.
The Report on Gur: Llll
A particular trip Many Italian cities are old, so the vehicles sometimes have to adapt to their special structure. Some cities have built on a hillside escalators (Belluno and Perugia) or funicular (Genoa and Naples) instead of the bus to go downtown. Public transport in Venice are the most unusual: if the boat (bigger) and boats (smaller) are used as bus, ferry lines operate as etraurbance ...
Ag teacht chuig deireadh an dráma athraíonn pearsantacht Máire beaganín. Bhí dóchas éigin i gconaí aici- aisling aici go bpósfadh sí Pádraig agus go mbeadh siad mar chlann. ‘Sé an dóchas seo a cuireann ar a cumas leannacht ar aghaidh leis an saol. Méadaítear ar an dóchas nuair a chloiseann sí go bhfuair a bhean chéile bás – tá sí cinnte go dtiocfaidh Pádraig ar ais dí chun í a phósadh. Scriostar an broinglóid seo nuair a bhuaileann sí le Pádraig i dteach Máilí. Cheap sí go raibh sé ansin chun í a fheicáil, ach ní raibh- bhí sé ann chun úsáid a bhaint as seirbhísí Mháilí an striapach.
********* “anseo agus tu ar laethanta saoire sa chathair”. **********
Labhrann sé leis, insíonn sí dó faoin páiste, ach is chuma leis.
***********”Mo iníon, ó a Iosa”*******************
Tá deireadh scríobe schroichte aici nuair a dheireann sé leí go bhfuil sé pósta arís. Tá deireadh le aisling Máire. Feiceann sí nach féidir brath ar súid níos mó ná éinne eile. Faigheann an díoma agus an fearg bua uirthi, agus cailleann sí meabhar a cinn. Is ansin a mharaíonn sí an leanbh,
“de bhrí gur cháilín í” , agus “fásann gach cáilín suas ina bhean”.
Tá an iníon saor anois. Cuireann Máire lámh ina bás féin chomh maith, de bharr an dearca a bhí aici ,
************”Ní rachaidh mo iníon áit ar bith gan mé”
In aineoin na buanna crógachta agus neamhspleáchais a leirigh Máire, theip uirthi agus í i ngleic le sochaí an tsaol.
DEARCADH ONA CLAINNE
Sna 1960í ba pheaca mhór é do cháilín singil a bheith ag súil le páiste. Ghlactar leis níos easca sa lá atá inniu ann. Tháinig án-athru ar mheon na daoine idir an dá ré. Ba é peaca na moráltacht an príomh peaca a bhí ann sna seascaidí, ach ní h-amhlaidh atá sa lá atá inniu ann. Caithfimid seo a choinneal i gcuimhne agus muid ag plé an slí gur dhéileáil an dá chlann leis an nuacht. Tuismitheoirí le meoin an-diffrúil a bhí ag an beirt acu.
Bean uaillmhianach abea máthair Mháire. Saol crua a bhí aici- fuair a fear chéile bás agus í ag iompar Máire- agus ó shin amach thóg sí na páistí leí fhéin. D’oibrigh sí an fheirm leí fhéin chomh maith. Bean diograsach, crógach a bhí inti, agus toisc nach raibh aon fear chéile aici, ghlac sí cúraimí an athar chomh maith le cúraimí na máthara sa chlann. Tá tréithe firinscineach agus baininscineach inti. Tá cruatán an tsaoil tar éis í a dhéanamh crua, agus ní dhéanann sí aon rún as na
The Essay on Heavy Breathing Sharon Mother Police
There it was again. She got up to investigate, walking towards the window she had the all to familiar feeling that there was someone outside her window, gently wrapping on it. But once again she was frustrated to find that there was no mystery person hiding in the bushes, beneath the flower box of creepers that hung below her window. Five foot ten, well toned muscles, and the temperament of a cut ...
h-íobairtí a rinne sí ar son na páistí.
Feicimid na tréithe seo agus í ag iarraidh saol a gcuid pháistí a leagan amach dóibh. Sílimse gur chaith sí an oiread sin blianta i gceannas ar gach gné dá saol; a chlann agus an fheirm , gur cheap sí go raibh sé tuillte aici go ndéanach na páistí a mian sa saol.
‘Sé an mian sin ná go mbeadh Máire ina bhean rialta, Seán mar sagart, agus go bpósadh Liam cháilín uasal aicmeach , agus go mbeadh sé i gceannas ar an bhfeirm.
Bean tiarnúil abea an Máthair, agus is léir go raibh sí ró-dian ar an chlann. Bhíodh ar Liam agus Máire ealú amach an fhuinneog chun bualadh lena leannáin. Dár leí nach raibh Beití De Búrca sách maith do Liam, agus dá mbeadh a fhois aici go raibh caidreamh ag Máire le fear, agus í le bheith ina bean rialta, rachfadh sí as a meabhair.
CRIOSTAIOCHT
Nuair a cuirimid aithe ar an chlann i dtosach, tá an chuma ar go bhfuil an Chriostáiocht lárnach ina saol. Deirtear an Choróin Mhuire chuile Óiche, agus luann mátháir Mháire an Aifreann agus Dia arís is arís eile. Ní fíor Chriostaíocht atá anseo, afách, ach slí chun meas a fháil ón pobal dí féin agus don chlann.
Is fada ón Chríostaíocht atá sí nuair a chloiseann sí go bhfuil Máire ag iompar clainne. Níl aon imní ná cúram aici d’Mháire- ach conas a mbreathnóidh na chomharsan ar an peaca mhór seo atá déanta ag iníon s’aici. Feicimid an tiarnáileachas inti agus í a rá –
“Cé hé… inis dom cé hé an fear seo… nach dtuigeann tú go gcaithfidh sé tú a phósadh… mura bpósann sé tu beidhmid náirithe ós comhair an pharóiste!”
“Ní fhéadfaidh Seán a bheith ina shagart- ní ligfear isteach i Maigh Nuad é”
Tá an máthair níos buartha nach mbeidh Seán in ann a bheith ina Shagart, agus faoi tuarimí na gcomharsan, ná mar atá sí faoi Máire. Dá mbeadh Seán mar Shagart, bheadh seasamh ar leith ar an chlann sa phobal, agus níl uaithi ach sin. Ní cheapaim go bhfuil sí ag iarraidh ar dul in abhár Sagart ar shon Dia. Feicimid nach bhfuil an bean crualach seo ach ag ligint uirthi féin gur i gcéill atá i gCríostaíocht an bhean crualach seo nuair a dhéannann sí iarracht páiste Mháire a chur chun báis. Tugann sí “leigheas” do Mháire, ach diúltaíonn Máire é. Níl an bean seo sásta ghlacadh leis an páiste seo sa chlann, mar gur léir dí gur pheaca atá sa pháiste, agus mar sin go bhfuil an ceart agus ceadúnas Dé aici an páiste a mharú.
The Term Paper on Colony On Mars
Colony on Mars The human race has always explored the unknown. At the dawn of the humanity new lands were the object of exploration. People stimulated by their curiosity and care for the future generations left their overcrowded or exhausted lands and went to unknown virgin territories in search of fertile soil, economic and political independence and secure life for their children. The ...
“Ní aon pheaca deireach a chuile rud neamhghaln- rud a bhí mallaithe ag Dia agus ag duine”.
Ní h-amhlaigh do dhearcadh chlann Scully nuair chloiseann siad go bhfuil Sharon ag iompar. Ach, cé go bhfuil difríochtaí, tá cosúlachtaí ann chomh maith.
I dtosach, is chlann iomlán éagsúl iad muintir Scully. I gcomparáid le mathair Mháire, is chlann lách, cinéalta iad na Scully’s, sásta leis an saol atá acu, an stadás atá acu sa t-sochaí, gan fonn nó aidhm acu árdu aicme a bhaint amach don chlann. Nó má tá, ní hé an chloch is mó ar á bpáidrín é. Más rud é go raibh, níor dhúirt siad ós ard é. Ní cuireann siad mórán cosc ar na páistí- bhí saoirse acu a saol féin a bhaint amach. Tá cead acu a gcairde féin a roghnú, dul amach an uair is mian leo. Fós féin, tá siad ag amharc amach dona chéile. Mar shampla, ní ligeann na tuismeoitheoirí do chailín amháin a rogha eadaí a chaitheamh agus í ag dul amach oíche amháin. Táispeannann an eachtra beag seo, gur, cé go bhfuil saoirse ag na páistí seo, nach bhfuil siad ag déanamh faillí orthu.
Murab ionann le Máire, sa Trial, nach bhfuil taithí ar bith aici ar a bheith ag damhsa, bíonn Sharon sa phub ag ól uair no dhó sa tseachtain. Is de bharr an meisce a bhí ar Sharon oíche amháin gur tharla an “timpiste”. Feicimid í ar meisce go minic sa scéal seo- agus is féidir an cheist a chuir – an chór go mbeadh níos mó smacht ar na tuismeoitheoirí uirthí? Agus dá mbeadh- an mbeadh an scéal diffrúil? Tá ghá le treoir a thabhairt do pháistí, ach tá méid áirithe cead a gcinn ó gach duine lena bhealach a bhaint amach sa saol.
Ní féidir ligint i ndearmad gurb é an iomarca smacht a fhágann Máire chomh soineanta sin go dtiteann sí isteach san fhadhb ina bhfuil sí.
In aineoin na difríochtaí seo, léiríonn máthair Sharon rian do thréithe mathair Mháire, sé sin, an náire a tharraingóidh seo os comhair na gcomharsan. Briseann Sharon teannas na h-ócáide leis an freagra greannmhar a thugann sí- go bhfuil páistí na chomharsan sa riocht céanna cheana!!
The Essay on Dalman And Lei
Working in a large successful company can be an interesting and stressful situation at best. Decisions have to be made each and every day, and for the most part these decisions are made by the higher up levels of authority. For every decision made there is always an outcome, which lets you know what changes should or should not be made. In doing this you are trying to figure out the best way to ...
Is le ciúnas a ghlacann athar Sharon an scéal. Déanann sé iarracht a díoma a chéilt, tré iarraidh ar Sharon theacht amach chuig an teach tabharne le haghaidh deoch.
Macasamhail an iomarca Éireannaigh fireann, lorgaíonn sé faoiseamh na faidbhe i bPionta Guiness!
Ní h-ionann in aon chur an dóigh a ghlacann an da chlann leis an nuacht. Glacann clann Sharon leis an nuacht mar chuid den saol- ach diúltaíonn chlann Máire an nuacht a chreidiúnt. Ní amháin sin, ach déanann an máthair iarracht an pháiste a mhárú- agus nuair a theipeann an plean sin uirthi déannann sí iarracht Máire a chur go Sasana-
“Áit nach mbeidh a fhois ag éinne” – (wrong) ***********************
I gcomparáid le seo, deanann chlann Sharon an-iarracht cabhair a thabhairt di. Níl fonn ar Sharon ainm an athar a insint do dhuine ar bith- agus ligeann na tuismeoitheoirí di. Tá an- chodarsnacht idir á ndearcadh súid agus dearcadh mátháir Mháire atá ag iarraidh ar Máire an fear a phósadh.
Leiríonn máthair Sharon dearcadh tuisceanach, agus tugann an t-athair tacaíocht iomlán dí go dtí an deireadh.
Goilleann caint na gcomharsan sa teach tabhairne go mór ar athair Sharon
go háirithe nuair a tosaíonn George Burgess ag maíomh “great little ride” ata inti. Seasann an t-athair an fód dí sa beár, ag ceapadh go mbeadh sí sásta leis. Murab ionann sin, bíonn sí ar buile leis. Ní labhrann a athair leí ar feadh seachtaine nó mar sin ina dhiaidh an eachtra seo. Faigheann náire agus gráin greim ar, mar nach bhfuil aon rían den aiféala uirthi.
Níl Sharon sásta cur suas le seo sa bhaile, agus fógraíonn sí go bhfuil sí ag dul an baile a fhágáil – cinneadh a cuireann imní ar an athair.
Ach chomh luath agus a admhaíonn sí go bhfuil brón uirthi tá an t-athair sásta, déanann sé suas leí arís, agus cinneann sí fanacht sa bhaile.
THARLA EACHTRA EIGIN
Tagann athrú ar meon an athar ina dhiaidh seo. Ní raibh an méid sin suime aige i mbreith a pháistí féin ach anoin cinníonn sé leabhar ar toircheas a cheannacht a choinneóidh é ar an eolas faoi na h-athraithe go leir a bheas ag teacht ar choirp Sharon, le go mbeidh sé in ann níos mó chabhair a thabhairt dí. Iarrann sé cead ar Sharon, fiú , a bheith i lathair le haghaidh teacht ar an tsaol don leanbh. Diúltaíonn sí dó, ach is léir uaidh seo go bhfuil sé sásta tacaíocht a thabhairt di, chomh fada agus is féidir leis.
Deirtear go bhfuil gaol speisialta idir athar agus iníon- agus feicimid rian de seo idir Sharon agus a athar. Bhí sé níos oscailte faoina chuid tacaíochta ná mar a bhí máthair Sharon- tugann Máithracha go ginearalta cabhair i slíte níos ciúne.
Sa chéad leagan den “Trial” bhí athar Máire fós ar an saol- ach d’athraigh Máiread Ní Ghráda TOMAS é seo- mar chreid siad dá mbeadh sé beo, rachadh sé á chuardach i mBaile Átha Cliath.
Ar mhaithe le réalachas na drámaíochta d’athraigh siad an scéal chun go mbeadh an t-athair marbh ó tús an scéal, sa dóigh nach mbeadh an tacaíocht sin ann di.
Ní seasann na baill eile den chlann leí, mar a dúradh cheana , ar chúiseanna leithleasach.
Bíonn Seán ar buile nuair a chloiseann sé futhí, – ar eagla go mbeadh seo mar chosc air dul le sagartóireacht i Maigh Nuad. Deireann Liam go bhfuil sí tar eis an oíche a mhilleadh dó- agus go mbeidh an mathair ag coinneal súil géar ar an chlann as seo amach, agus nach mbeidh seans aige ealú le bualadh lena chroí gheal. Níl tacaíocht ar bith le fáil do Mháire óna chlann- ní amháin sin, agus is cúis náire í don chlann. Bíonn uirthi an baile a fhágail- agus saol a bhaint amach dí féin…agus deireann sí gur fearr leí í
“féin a bhá ná dul ar ais chuig an teach”
Níl aici ach Máilí le brath uirthi.
Bhí an dearcadh ó chlann Sharon an-éagosúil le seo. D’inis Sharon an scéal dóibh go leir le chéile, ag cruinniú. Bhí ionadh agus iontas ar na cháilíní -thug siad pógíní dí agus barrógaí dí, agus níor dhúirt an dearthair aon rud seachas
“Is that ALL?”
ATTITUDE ÓN PHOBAL.
Tá an pobal go leir den mheon chéanna, agus is beag duine atá ann chun cabhair a thabhairt di. Tá carachtáir sa dráma mar ionadaíthe de gnéithe den sochaí – An Bhean Uasal, an t-Oibrí Soisialta, múinteoirí scoile, striapacha, agus cháilíní eile sa stáid céanna le Máire. Is ionadaí don Eaglais é Seán , dearthair Máire, agus níl sólás le fáil aici in éinne de na daoine, seachas Máilí, cáilín eile atá immeallaithe ag an tsochaí.
Faigheann Sharon sa Snapper rian den tarcaisne céanna ón phobal taobh amuigh dá chlann. Ní féidir leí dul in áit ar bith gan daoine ag magadh futhi. Tugtar striapach uirthi mar a tugtar ar Mháire.
Tá dearcadh an phobal ar athar na páistí an-éagsúl ón dearcadh ar na cáilíní torrach. Tá fhios acu cé h-iad, Pádraig agus George, ach ní imeallaítear iad ón t-sochaí. Níl a gcuid saoil caite bun os choinn cosúil le saol na gcailíní. Tá dul chun cinn déanta i dtaobh ag cothromacht fir agus mná, ach fiú amháin, san mhílaois nua seo tá an chuma air go bhfuil an dhá dhearcadh fós ag an phobal ar chiontacht fir agus mná nuair a thagann sé go dtí leanbh a thabhairt ar an saol taobh amuigh den pósadh.
ÓN STÁITSE GO DTÍ AN TEILIFÍS.
Is dhá stíl iomlán éagsúl scríbhneoireachta atá sa Trial agus The Snapper. Úsaideann Roddy Doyle ghreann chun an scéal a insint. Tá an teanga scríofa i gcaint na ndaoine, díreach mar a labhrann muintir Átha Cliath í.
“- Wha’? “
Feicimid na caracteirí ag magadh a chéile.
Tá stíl níos dáiríre ag “An Trial”. Is ceart mbeadh, mar tá bás a phlé ann. Níl morán greann ann, ach úsáideann Mairéad Ní Ghráda mion-characteir ar nós Seánín an Mhótaire chun greann a chur sa scéal. Bíonn scéalta greannmhar aige sin. Chomh maith le sin, tá greann ag baint le ainmneacha na cháilíní sa teach tearmainn- Máilí, Páilí agus Dáilí – cosúil leis an trúir cailleach i Macbeth.
Oibríonn an dhá stíl scríobhneoireachta seo i gchomhthéacs na scéalta atá siad a insint. Scéal eadroim nua-aimseartha é an Snapper, a bhaineann an úsáid is fearr as greann chun an scéal a chur chun tosaigh, agus aithne a chur ar na caractair. Sílim go bhfuil bua an Snapper ag brath ar an greann atá ann, agus cé go bhfuil caractéirí láidre ann, ‘sé an ghreann a cuireann an dráma chun tosaigh.
Tá mistéir ag baint leis an Trial. Céard a tarlóidh ag deireadh an scéal? Cé leis an locht do féinmharú Mháire? Is scéal atá i bhfad níos dáiríre agus tromchuiseach, an Trial, agus mar sin, níl móran greann ann. Tá an scéal in ann seasamh leis féin, agus níl ghá don greann a úsáid.
Cé go bhfuil cuma diffrúil ar an slí den scríobhneoireacht, tá cosúlachtaí ann freisin. Mar shampla, tá an dhá dráma scríofa i ngiotaí beaga- agus mar sin bhí sé easca iad a chóiriú chun scannan teilifíse a dhéanamh as. Is deacair an rud é dráma a aistriú don teilifís, mar bainneann an teilifís úsáid as radharcanna gearra, ní chinn fada a mbíonn dé gnáth ar an stáitse.
Cé go bhfuil an téama chéanna a phlé ag “An Trial” agus ag “The Snapper”, leirítear iad i ndhá stíl an-eagsúl óna chéile. Taispeannann siad go bhfuil cosúlachtaí ann sa slí a déilann an t-sochaí, agus an cháilín féin leis an toircheas. An ceacht is mó atá le foghlaim ón dhá scéal ná cé chomh tábhachtach agus atá tacaíocht ón mhuintir do cháilín i gcás mar seo.
Tá deireadh na scéil án-tabháchtach. Cé go raibh deachrachtaí – cuid acu cosúil lena chéile ag an beirt cháilín le linn an scéal, tá dhá t-suíomhanna diffrúil ag an deireadh. Is tragóid atá againn sa Triail- nach ghlacann an mathair aon milleán uirthi féin, cé go bhfuil sé soléir gur leí a bhaineann sé. Sa Snapper , is críoch -shona atá againn, an chlann ag cur fáilte roimh ball nua. Dhá scéal réalach atá iontu, a osclaíonn súil an léitheoir/ lucht féachana, go feicfidh siad na deacrachtaí atá ann do cháilíní singil ag iompar.
Leiríonn an dhá dhráma, na bhealaigh diffrúil gur déileal dhá chlann an-diffrúil leis an eachtra chéanna. Eiríonn go maith leis an dhá dráma, agus is deacair dráma amháin a mholadh thar dráma eile. Áfach, silím féin go bhfuil níos mó chonspóid ag baint leis An Trial, – teipeann leis an t-sochaí cabhair a thabhairt do cháilín soineanta, atá cabhair uaithi, agus is de bharr ar seo a cuireann sí lámh ina bhás féin. Bhain a lán conspóid leis an dráma seo nuair a léirítear ar dtús é- baineann conspóid le aon rud a chuireann síos an tsochaí ina bhfuilmid inár gconaí. Cuireann An Trial muid ag céistiú ar saol, agus an dearcadh a mbeadh againne féin dá mbeimid páirteach san eachtra chéanna. Mar sin, is fearr liom an Trial ná an Snapper.
D’eirigh go maith leis an dhá dhráma, in Éireann agus thar lear. Drámaí a marfaidh blianta fada i litríocht na hÉireann, agus cosúil leis an dhá stíl diffrúil scríofa atá iontu, faoi dhá chlann diffrúil, beidh suim ag leitheoirí iomlán diffrúil sa dhá scéal. Ní féidir ach rogha pearsanta a dhéanamh ar cén dráma a eiríonn níos fearr leis a roghnú.